4. an dúiche a ghabh an Tiarna i bhfianaise chomhthionól Iosrael, is breá an talamh é do thógail stoic, agus tá stoc ag do shearbhóntaí.
5. Más fiú sinn do chairdeas,” ar siad, “tabhair an talamh seo i seilbh do shearbhóntaí; ná cuir d'iallach orainn dul thar Iordáin.”
6. Dúirt Maois le clann Ghád agus clann Reúbaen: “Tá bhur mbráithre ag dul chun cogaidh - an bhfuil sibh sásta fanacht mar a bhfuil sibh?
7. Cad ab áil libh ag cur drochmhisneach ar chlann Iosrael dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh?
8. Sin é mar a rinne bhur n‑aithreacha nuair a sheol mé iad ó Cháidéis Bairnéa d'fhonn an tír a bhrath.
9. Ghabhadar suas go Gleann Eisciol agus thaiscéaladar an tír, ach d'fhágadar clann Iosrael gan de mhisneach acu dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh.
10. Uime sin las fraoch feirge an Tiarna an lá sin agus mhionnaigh sé mar leanas:
11. ‘Ambasa nach bhfaighidh aon fhear den dream a tháinig amach as an Éigipt, atá fiche bliain nó breis, radharc ar an tír a gheallas d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób. Óir níor leanadar mé go dílis -