Uimhreacha 32:13-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh Iosrael agus chuir sé le fán iad san fhásach ar feadh daichead bliain, go dtí gur díothaíodh an ghlúin a pheacaigh i láthair an Tiarna.

14. Seo sibhse anois ag éirí in áit bhur n‑aithreacha, a chraobh de cheap na bpeacaí ag cur le fraoch feirge lasánta an Tiarna in aghaidh Iosrael!

15. Má iompaíonn sibh agus gan é a leanúint, fágfaidh sé níos sia fós san fhásach iad, agus tabharfaidh sibh díth ar an bpobal seo ar fad.”

16. Thángadar ina chóngar agus dúradar: “B'áil linn cróite a thógáil anseo dár dtréada agus cathracha dár miondaoine;

17. ach tógfaimid féin airm inár lámha le dul ar aghaidh roimh chlann Iosrael go dtí go dtabharfaimid iad chun na háite atá in áirithe dóibh; fanfaidh ár miondaoine sna cathracha daingne, slán ó mhuintir na tíre.

18. Ní fhillfimid ar ár mbaile go mbeidh gach duine de chlann Iosrael i seilbh a oidhreachta.

19. Óir beimidne gan oidhreacht leosan ar an taobh eile den Iordáin nó níos sia ar aghaidh, mar is anseo, lastoir den Iordáin, a bhaineamar amach ár n‑oidhreacht.”

20. Dúirt Maois leo ansin: “Má dhéanann sibh de réir bhur mbriathra, agus arm a thógáil in bhur lámha le dul ar aghaidh sa chath roimh an Tiarna,

21. agus má ghabhann gach duine agaibh a iompraíonn arm thar an Iordáin roimh an Tiarna, nó go dtiomáinfidh sé a naimhde go léir amach roimhe,

22. ansin, nuair a bheidh an tír ar a láimh ag an Tiarna, ní miste sibh a fhilleadh; beidh sibh saor ó bhur ndualgas don Tiarna agus do Iosrael; agus beidh an tír seo mar sheilbh oidhreachta agaibh i láthair an Tiarna.

23. Ach mura ndéanann sibh amhlaidh, beidh peaca á dhéanamh agaibh in aghaidh an Tiarna, agus is deimhin go dtiocfaidh bhur bpeaca oraibh.

24. Déanaigí cathracha dá bhrí sin do bhur miondaoine agus cróite do bhur dtréada; ach déanaigí beart leis de réir bhur mbriathra.”

25. Dúirt clann Ghád agus clann Reúbaen le Maois: “Déanfaidh do shearbhóntaí mar a ordaíonn tú, a thiarna.

26. Fanfaidh ár miondaoine, ár mná, ár dtréada, agus ár dtáinte go léir ansiúd i gcathracha Ghileád,

Uimhreacha 32