8. Mharaíodar chomh maith, de bharr ar an ár, rithe Mhidián - Eiví, Reicim, Zúr, Húr agus Reaba, cúig rí Mhidián. D'imríodar bás de rinn claímh leis ar Bhalám mac Bheór.
9. Ghabh clann Iosrael mná agus miondaoine Mhidián ina gcimí, agus rugadar leo mar chreach a dtáinte, a dtréada agus a maoin go léir.
10. Chuireadar tine leis na cathracha go léir inar chónaíodar, agus lena n‑áitribh go léir.
11. Rugadar leo a gcreach go léir, a raibh gafa acu idir dhuine agus bheithíoch,
12. agus thugadar idir chimí agus bhraid agus chreach, go Maois agus go Eileázár an sagart agus go comhthionól chlann Iosrael go léir sa champa ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin, sall ó Ireachó.
13. Chuaigh Maois agus Eileázár an sagart, agus ceannairí uile an chomhthionóil amach lasmuigh den champa ina gcoinne.
14. Bhí fearg ar Mhaois le ceannasaithe an airm, ceannairí na mílte, agus ceannairí na gcéadta, a d'fhill ón bhfeachtas míleata sin.
15. Chuir Maois an cheist: “Cén fáth a ndearna sibh anacal anama ar na mná go léir?”
16. “Féach,” ar sé, “is iadsan an dream ceannann céanna a thug ar chlann Iosrael, trí chomhairle Bhalám, dul amú agus an Tiarna a shéanadh i ngnó úd Pheór, agus sin é mar a bhuail an phlá comhthionól an Tiarna.
17. Cuirigí chun báis dá bhrí sin gach leanbh mic ar na miondaoine. Cuirigí chun báis chomh maith gach bean a luigh le fear.
18. Déanaigí anacal anama ar gach ógbhean nár luigh le fear, agus tógaigí chugaibh féin iad.
19. Maidir libh féin, aon duine agaibh a mharaigh fear nó a bhain le corpán, lonnaíodh sé lasmuigh den champa ar feadh seacht lá; déanaigí sibh féin agus bhur gcimí a íonghlanadh ar an tríú agus ar an seachtú lá;
20. íonghlanaigí chomh maith bhur n‑éidí - gach ball éadaigh de leathar nó de rón gabhair, agus gach ní déanta d'adhmad.”
21. Dúirt Eileázár an sagart leis na saighdiúirí a tháinig abhaile ón bhfeachtas seo: “Reacht den dlí,” ar sé, “is ea é seo a d'aithin an Tiarna do Mhaois.
22. Ach an t‑ór, an t‑airgead, an cré-umha, an t‑iarann, an stán agus an luaidhe -
23. gach rud a sheasann tine, ní foláir é a chur tríd an tine agus beidh sé glan, ach ní foláir é a ghlanadh leis le huisce an ghlanta. Cibé rud nach seasfadh tine, ní foláir daoibh é a chur trí uisce.
24. Nígí bhur gcuid éadaigh ar an seachtú lá agus beidh sibh glan ansin. Ní miste daoibh filleadh ar an gcampa ansin.”