Uimhreacha 31:47-49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

47. As an leath seo, cion chlann Iosrael, thóg Maois ceann as gach caoga cime agus ainmhí, agus thug iad do na Léivítigh ar a raibh cúram thaibearnacal an Tiarna, de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.

48. Ceannasaithe na sluaite a throid, ceannairí na mílte agus ceannairí na gcéadta, thángadar go Maois

49. agus dúradar le Maois: “Chomhairigh do searbhóntaí na saighdiúirí faoina gceannas; níl fear ar iarraidh uainn.

Uimhreacha 31