29. Tóg iadsan as an leathroinn is dual dóibh agus tabhair iad do Eileázár an sagart mar íobairt don Tiarna.
30. As an leath atá ag dul do chlann Iosrael tóg ceann as gach caoga cime, agus damh, agus asal agus caora agus ainmhí ar bith eile, agus tabhair iad do na Léivítigh ar a bhfuil cúram thaibearnacal an Tiarna.”
31. Rinne Maois agus Eileázár an sagart mar a d'aithin an Tiarna do Mhaois.
32. Anois ba é seo méid na creiche a d'fhan den bhraid a ghabh na saighdiúirí: sé chéad seachtó cúig mhíle de mhionairnéis,
33. seachtó dó míle eallach,
34. seasca haon míle asal,
35. agus, de chimí, tríocha dó míle bean ar fad nár luigh le fear.
36. Agus an leath ba chion na muintire a ghlac páirt sa chogadh seo é: trí chéad tríocha seacht míle cúig céad de mhionairnéis
37. dar chuid an Tiarna trí chéad seachtó cúig,
38. tríocha sé mhíle eallach dar chuid an Tiarna seachtó dó,
39. tríocha míle cúig céad asal dar chuid an Tiarna seasca haon,