Uimhreacha 31:20-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. íonghlanaigí chomh maith bhur n‑éidí - gach ball éadaigh de leathar nó de rón gabhair, agus gach ní déanta d'adhmad.”

21. Dúirt Eileázár an sagart leis na saighdiúirí a tháinig abhaile ón bhfeachtas seo: “Reacht den dlí,” ar sé, “is ea é seo a d'aithin an Tiarna do Mhaois.

22. Ach an t‑ór, an t‑airgead, an cré-umha, an t‑iarann, an stán agus an luaidhe -

23. gach rud a sheasann tine, ní foláir é a chur tríd an tine agus beidh sé glan, ach ní foláir é a ghlanadh leis le huisce an ghlanta. Cibé rud nach seasfadh tine, ní foláir daoibh é a chur trí uisce.

24. Nígí bhur gcuid éadaigh ar an seachtú lá agus beidh sibh glan ansin. Ní miste daoibh filleadh ar an gcampa ansin.”

25. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

26. “Déan-sa, tú féin agus Eileázár an sagart, agus ceannairí theaghlaigh athartha an chomhthionóil, an chreach a ríomhadh idir dhuine agus ainmhí.

27. Ansin roinn an chreach ina dhá leath idir lucht troda an fheachtais agus an chuid eile den chomhthionól.

28. Cuir i leataobh mar chuid ranna don Tiarna as roinn na muintire a chuaigh amach ag troid san fheachtas, ceann as gach cúig céad cime agus damh agus asal agus caora.

29. Tóg iadsan as an leathroinn is dual dóibh agus tabhair iad do Eileázár an sagart mar íobairt don Tiarna.

Uimhreacha 31