Uimhreacha 3:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Bíodh gréithe uile Bhoth na Teagmhála ina gcúram, agus déanaidís na dualgais go léir atá dlite de chlann Iosrael ina seirbhís don taibearnacal a ghabháil chucu féin.

9. Tabhair na Léivítigh d'Árón agus dá mhic mar thoirbheartaigh; tugadh clann Iosrael dó iad.

10. Cláraigh Árón agus a chlann mhac agus déanaidís a ndualgais sagairt a chomhlíonadh; ach má thagann aon duine eile i ngar, cuirtear chun báis é.”

11. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

12. “Roghnaigh mé féin na Léivítigh as clann Iosrael in áit gach céadghin a osclaíonn an bhroinn i measc chlann Iosrael; liomsa na Léivítigh dá bhrí sin.

13. Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.”

14. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái agus dúirt:

15. “Déan clann Léiví a áireamh de réir teaghlaigh shinsearachta agus de réir fine; ní foláir gach fireannach míosa nó breis a chomhaireamh.”

16. Rinne Maois iad a áireamh mar a dúirt an Tiarna ag déanamh de réir a orduithe.

17. Seo iad ainmneacha chlann Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí.

18. Seo iad ainmneacha shliocht Ghéirseon de réir fine: Libní agus Simí.

19. Clann Chohát de réir fine: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil.

Uimhreacha 3