Uimhreacha 3:32-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Ba é Eileázár, mac Árón an sagart, taoiseach cheannairí na Léivíteach. Bhí sé i gceannas orthu siúd go léir a bhí i bhfeighil an tsanctóra.

33. Ó Mharáraí shíolraigh sleachta na Mailíoch agus na Múisíoch; sin iad sleachta Mharáraí.

34. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d'aois nó breis san áireamh, sé mhíle dhá chéad.

35. Ba é Zúiríéil mac Aibíocháil ceann teaghlaigh chlanna Mharáraí, agus shuíodar a gcampa ar an taobh thuaidh den taibearnacal.

36. Bhí clann Mharáraí i bhfeighil chreat an taibearnacail, na bataí, na cuaillí, na ceapa agus a ghréithe go léir agus a ngabhann leo,

37. agus cuaillí na faiche mórthimpeall lena gceapa agus a bpionnaí agus a dtéada.

38. Siad a shuigh a gcampa ar an taobh thoir, os comhair an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála, i dtreo éirí gréine, Maois agus Árón agus a chlann mhac a bhí i bhfeighil ghnásanna an tsanctóra thar ceann chlann Iosrael. Aon duine eile a thiocfadh i ngar, bhí sé le cur chun báis.

39. Ba é líon iomlán na Léivíteach mí d'aois nó breis, a d'áirigh Maois agus Árón de réir fine mar a d'ordaigh an Tiarna dhá mhíle agus fiche.

40. Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan daonáireamh ar gach céadghin fir ar chlann Iosrael mí d'aois agus breis á n‑áireamh ó ainm.

41. Ansin déan na Léivítigh a thoirbhirt domsa, mise an Tiarna, in áit gach céadghine de chlann Iosrael; ar an gcaoi chéanna tabharfaidh tú a n‑eallach in áit gach céadghin eallaigh le clann Iosrael.”

42. Rinne Maois dá bhrí sin daonáireamh ar gach céadghin mhic ar chlann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna.

43. Ba é líon iomlán na gcéadghinte mí d'aois agus breis, fiche dó míle dhá chéad agus seachtó trí.

44. Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

45. “Tóg na Léivítigh in áit gach céadghine ar chlann Iosrael, agus eallach na Léivíteach in áit a n‑eallaigh. Liomsa féin na Léivítigh; mise an Tiarna.

Uimhreacha 3