Uimhreacha 3:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

12. “Roghnaigh mé féin na Léivítigh as clann Iosrael in áit gach céadghin a osclaíonn an bhroinn i measc chlann Iosrael; liomsa na Léivítigh dá bhrí sin.

13. Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.”

14. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái agus dúirt:

15. “Déan clann Léiví a áireamh de réir teaghlaigh shinsearachta agus de réir fine; ní foláir gach fireannach míosa nó breis a chomhaireamh.”

16. Rinne Maois iad a áireamh mar a dúirt an Tiarna ag déanamh de réir a orduithe.

17. Seo iad ainmneacha chlann Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí.

18. Seo iad ainmneacha shliocht Ghéirseon de réir fine: Libní agus Simí.

19. Clann Chohát de réir fine: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil.

20. Clann Mharáraí de réir fine: Mailí agus Múisí. Sin iad sleachta Léiví de réir a dteaghlaigh shinsireachta.

21. Ó Ghéirseon shíolraigh sleachta na Libníoch agus na Simíoch; sin iad sleachta Ghéirseon.

Uimhreacha 3