Uimhreacha 29:12-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí obair throm agus ceiliúraigí féile don Tiarna ar feadh seacht lá.

13. Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe, ofráil dhóite, agus mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: trí tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail.

14. Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil leo, bíodh trí dheachú d'éafá an ceann don trí tharbh déag, dhá dheachú an ceann don dá reithe,

15. agus deachú an ceann don cheithre uan déag.

16. Bíodh pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.

Uimhreacha 29