Uimhreacha 28:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Tabhair an t‑ordú seo leanas ó bhéal do chlann Iosrael. ‘An ofráil dom, mo bhia d'íobairt uileloiscthe, an chumhracht a thaitníonn liom, féachaigí chuige go dtugann sibh chugam é in am tratha.’

3. Abair leo:Seo iad na híobairtí loiscthe nach foláir daoibh a ofráil don Tiarna:Dhá uan bhliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe shíoraí gach lá.

4. Ní foláir daoibh an chéad uan a ofráil ar maidin, an dara ceann um eadra nóna,

5. mar aon le habhlann de dheachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín den ola is fíre.

6. Sin í an íobairt uileloiscthe shíoraí a bunaíodh ar Shliabh Shíonái, mar chumhracht thaitneamhach, mar íobairt dhóite don Tiarna.

7. Mar íobairt dí ag gabhail leis, bíodh ceathrú hín an t‑uan; ní foláir an íobairt dí de dheoch chrua don Tiarna a dhoirteadh sa sanctóir.

8. Ní foláir duit an dara huan a ofráil mar íobairt uileloiscthe um eadra nóna; déan dála na maidine maidir le habhlann agus le híobairt dí léi seo, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna.

Uimhreacha 28