Uimhreacha 26:57-63 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

57. Seo iad de réir fine na Léivítigh a claraíodh: do Ghéirseon, fine Ghéirseon; do Chohát, fine Chohát; do Mharáraí, fine Mharáraí.

58. Seo iad sleachta na Léivíteach; sliocht Libní, sliocht Haebrón, sliocht Mhailí, sliocht Mhúisí, sliocht Chorach. Ba é Cohát athair Amrám.

59. Ba é Ióceibid iníon Léiví, a rugadh dó san Éigipt, ainm bhean Amrám; agus rug sí d'Amrám Árón agus Maois agus Miriám a ndeirfiúr.

60. Ba é Árón athair Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár, agus Íteámár.

61. Cailleadh Nádáb agus Aibíchiú nuair a d'ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna.

62. Cláraíodh trí mhíle fichead fireannach ar fad d'aois mí nó breis; níor áiríodh iad le clann Iosrael mar nach bhfuaireadar oidhreacht i measc chlann Iosrael.

63. Sin iad na fir a ríomhaigh Maois agus Eileázár an sagart a rinne an daonáireamh seo ar chlann Iosrael ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.

Uimhreacha 26