Uimhreacha 26:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tar éis na plá labhair an Tiarna le Maois agus le hEileázár mac Árón, an sagart, agus dúirt:

2. “Déan daonáireamh de réir sleachta ar chomhthionól chlann Iosrael go léir - gach fear fiche bliain d'aois agus breis agus é ar a chumas airm a iompar.”

3. Labhair Maois agus Eileázár an sagart leis na daoine ar mhachairí Mhóáb i ngar don Iordáin sall ó Ireachó.

4. Rinneadar an t‑áireamh (faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus do chlann Iosrael ag teacht dóibh on Éigipt): Fir fiche bliain d'aois agus breis:

5. Reúbaen céadghin Iosrael: clann Reúbaen: do Hanóc, sliocht Hanóc; do Phalú, sliocht Phalú;

6. do Haezron, sliocht Haezron; do Chairmi, sliocht Chairmi.

7. Sin iad sleachta Reúbaen. Daichead trí mhíle seacht gcéad agus a tríocha fear a líon.

8. Clann Phalú: Eilíáb.

9. Clann Eilíáb: Namúael, agus Dátán agus Aibíorám. An bheirt seo Dátán agus Aibíorám, daoine ar a raibh meas ag an bpobal, is iad a thug dúshlán Mhaois agus Árón; bhaineadar le lucht leanúna Chorach a thug dúshlán an Tiarna.

Uimhreacha 26