Uimhreacha 25:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Seo fear de chlann Iosrael ag gabháil an treo agus an bhean Mhidiánach á tabhairt isteach ina theaghlach aige, os comhair súile Mhaois agus chomhthionól uile chlann Iosrael agus iad ag lógóireacht ag doras Bhoth na Teagmhála.

7. Píneachás mac Eileázár mhic Árón, an sagart, nuair a chonaic sé é sin, d'éirigh sé, d'fhág an comhthionól, agus rug ar shleá,

8. agus chuaigh ar tí an Iosraelaigh isteach sa seomra cúil agus sháigh sé an tsleá go feirc sa bhléin iontu araon, an tIosraelach fir agus an bhean. Stad an phlá a bhuail clann Iosrael ar an gcaoi sin.

9. Bhí ceithre mhíle fichead marbh den phlá cheana féin, dá ainneoin sin.

10. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

11. “Píneachás, sagart, mac Eileázár mhic Árón, chuir sé mo chuthach de chlann Iosrael, óir is aige amháin a bhí dúthracht mar mo dhúthrachtsa; uime sin níor scrios mé clann Iosrael de bharr mo dhúthrachta.

12. Fógair é seo dá bhrí sin: ‘Seo mé ag bronnadh mo chonradh mar chúiteamh airsean;

13. agus beidh sé in chonradh sagartachta síoraí aigesean agus ag a shliocht dá éis, óir bhí dúthracht aige i mbun a Dhé, agus rinne sé leorghníomh do phobal Iosrael.’ ”

14. An tIosraelach a maraíodh - an té úd is é sin a maraíodh leis an mbean Mhidiánach - Zimrí mac Sálú a ba ainm dó, ceannaire ar theaghlach sinseartha de chuid Shímeon.

Uimhreacha 25