1. Chuir Iosrael fúthu i Sitím, agus chrom na daoine ar striapachas a dhéanamh le hógmhná Mhóáb.
2. Thugadarsan cuireadh don phobal go féastaí a ndéithe, agus chaith an pobal an bia agus shléachtadar dá ndeithe.
3. Ghabh Iosrael faoi chuing Bhál Peór ar an gcuma sin agus las fraoch feirge an Tiarna ina n‑aghaidh.
4. Dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg ceannairí uile an phobail, agus caith le faill i lár an lae ghéigil ghil i bhfianaise an Tiarna iad; ansin iompóidh cuthach feirge an Tiarna ó Iosrael.”
5. Dúirt Maois leis na breithiúna in Iosrael: “Ní foláir do gach duine agaibh iad siúd dá mhuintir a chuaigh faoi chuing Bhál Peór a chur chun báis.”
6. Seo fear de chlann Iosrael ag gabháil an treo agus an bhean Mhidiánach á tabhairt isteach ina theaghlach aige, os comhair súile Mhaois agus chomhthionól uile chlann Iosrael agus iad ag lógóireacht ag doras Bhoth na Teagmhála.
7. Píneachás mac Eileázár mhic Árón, an sagart, nuair a chonaic sé é sin, d'éirigh sé, d'fhág an comhthionól, agus rug ar shleá,