1. Nuair a chonaic Balám gur thoil leis an Tiarna beannacht a chur ar Iosrael, níor imigh sé, faoi mar a rinne roimhe sin, ar thóir tuartha, ach thug a aghaidh ar an bhfásach.
2. D'ardaigh Balám a shúile agus chonaic Iosrael suite ina gcampa, treibh ar threibh. Luigh spiorad Dé air
3. agus chan sé a laoi, agus dúirt:“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
4. céalmhaine an té a chluineann briathar Dé.Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.
5. Nach álainn iad do bhothanna, a Iacóib!nach álainn iad d'áitribh, a Iosrael.
6. Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin,nó luibhghoirt ar insí abhann,nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna,nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí!