2. Rinne Bálác mar a d'iarr Balám agus d'ofráil Bálác agus Balám tarbh agus reithe ar gach altóir.
3. Dúirt Balám ansin le Bálác: “Seas láimh le d'íobairt uileloiscthe. Rachaidh mé ar aghaidh; b'fhéidir go gceadóidh an Tiarna dom teagmháil leis. Cibé rud a nochtfaidh sé dom, inseoidh mé duit.” Ar aghaidh leis go barr maolchnoic.
4. Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus dúirt Balám leis: “Dheasaigh mé na seacht n‑altoirí agus d'ofráil mé tarbh agus reithe ar gach altóir díobh ina n‑íobairt loiscthe.”
5. Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”
6. Chuaigh Balám ar ais chuige agus b'shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall.
7. Ansin reac sé a laoi agus dúirt:“Thug Bálác leis mé ó Arám,rí Mhóáb ó shléibhte an oirthir.‘Tar agus cuir mallacht ar Iacób dom,agus déan aoir ar Iosrael.’
8. Conas is féidir dom mallacht a chur ar an te nár chuir Dia mallacht air?Conas is féidir dom aoir a dhéanamh ar an te nach ndearna Dia aoir air?
9. Feicim é ó bharr na sléibhte,agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é:Pobal ag maireachtáil leo féin,nach n‑áiríonn iad féin ar na ciníocha.
10. Cé d'fhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh?Cé d'fhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh?Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa!Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.”
11. Dúirt Bálác le Balám: “Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!”
12. D'fhreagair Balám: “Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?”
13. Dúirt Bálác leis: “Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.”
14. Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n‑altóirí ansiúd agus d'ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir.
15. Duirt Balám le Bálác: “Seas taobh le d'íobairt uileloiscthe; buailfear liomsa anseo thall.”
16. Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”
17. Chuaigh Balám ar ais chuige agus b'shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Chuir Bálác ceist air: “Cad dúirt an Tiarna?”
18. Ansin reac Balám a laoi agus dúirt:“Éirigh, a Bhálác, agus éist!Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor.
19. Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag,ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne.An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh,a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?
20. Seo mise le hordú orm beannacht a thabhairt;beannacht a thabharfaidh [mé] agus ní dhéanfaidh mé a chur ar ceal.