Uimhreacha 21:8-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan nathair thintí agus cuir ar chuaille í, agus gach duine ina gcuirfear cealg, nuair a fhéachfaidh sé uirthi, mairfidh sé.”

9. Dhealbhaigh Maois nathair chré-umha dá bhrí sin agus chuir ar chuaille í, agus nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, d'fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh.

10. Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus shuíodar a gcampa in Obot.

11. Ansin chuadar ó Obot agus shuíodar a gcampa in Ívé Abáraím san fhásach taobh le Móáb i dtreo éirí gréine.

Uimhreacha 21