Uimhreacha 18:12-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Togha na hola, togha an fhíona agus na cruithneachta, na céadtorthaí a bhronnann siad ar an Tiarna, tugaim duit iad.

13. Céadfhómhar a n‑ithreach a thugann siad go dtí an Tiarna, bídís agatsa. Gach duine glan i do theach ní cás dó é a ithe.

14. A mbíonn faoi bhang in Iosrael, bíodh sé agat.

15. Gach céadghin de dhúile beo más fear, más ainmhí, a thabharfar chun an Tiarna, bíodh sé agatsa. Gach céadghin fir, áfach, agus gach céadghin ainmhí neamhghlain, ní foláir duit iad a fhuascailt.

16. In aois míosa a fhuasclóidh tú iad ar chostas cúig sheicil, de réir seicil an tsanctóra, fiche géará is é sin.

17. Ach céadlao bó, céaduan caorach, nó céadmheannán gabhair, ná fuascail; tá siadsan naofa. Ní foláir duit a gcuid fola a chroitheadh ar an altóir agus a saill a dhó mar ofráil dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.

18. Leatsa an fheoil, mar aon leis an mbrollach a cuireadh i láthair mar dhleacht ar leith, agus an cheathrú dheas.

Uimhreacha 18