Uimhreacha 15:9-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. ní foláir, chomh maith leis an tarbh, trí dheachú éafá de phlúr mín measctha le leath hín ola a ofráil mar abhlann,

10. agus ní foláir duit leath hín fíona a ofráil mar íobairt dhoirte, íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna.

11. Ní foláir déanamh mar sin le gach tarbh nó reithe, le gach uan nó meannán fireann.

12. Cibé líon íobarthach a bhíonn agaibh le híobairt, déanaigí mar sin le gach ceann díobh cibé a líon.

13. Déantar mar sin ag gach dúchasach nuair a dhéanann sé íobairt dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.

14. Aon duine deoranta a bhíonn ag cur faoi in bhur measc, nó i measc bhur sleachta, más áil leis íobairt dhóite a dhéanamh, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, déanadh sé mar a dhéanann sibhse; déanadh

15. an comhthionól amhlaidh chomh maith. Ní bheidh ach an t‑aon reacht amháin daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc. Reacht síoraí é seo a cheanglóidh bhur sliocht i gcónaí: i láthair an Tiarna, is ionann tusa agus an coimthíoch;

16. ná bíodh ach an t‑aon reacht amháin, an t‑aon dlí amháin, daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc.’ ”

17. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

18. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Nuair a rachaidh sibh isteach sa tír a bhfuilim do bhur dtabhairt ann,

19. ní foláir daoibh roinn a ofráil don Tiarna nuair bheidh arán na tíre á chaitheamh agaibh.

20. Cuirigí i leataobh bairín mar ofráil de chéadthoradh bhur dtaois; cuirigí i láthair é mar ofráil ó bhur n‑urlár buailte.

Uimhreacha 15