Uimhreacha 15:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Abair é seo le clann Iosrael: ‘Nuair a shroichfidh sibh an tír mar a bhfuil sibh le cur fúibh, agus atá á thabhairt agam daoibh,

3. agus go ndéanann sibh, mar chumhracht a thaitneoidh leis an Tiarna de rogha an tréada nó na tána, ofráil dhóite don Tiarna mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é, nó mar ofráil dheonach, nó ar ócáid féile sollúnta de bhur gcuid,

4. ní foláir don ofrálaí, mar bhronntanas uaidh féin don Tiarna, a bhreith leis mar abhlann, deachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín ola;

5. agus ní foláir duit íobairt dhoirte fíona a dhéanamh, ceathrú hín do gach uan, chomh maith leis an uileloisctheach nó an íobairt.

6. I gcás reithe, ní foláir duit dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le trian hín ola a bheith agat mar abhlann,

7. agus íobairt dhoirte de thrian hín fíona, le bheith ina bholadh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.

8. Sa chás gur tarbh a bhíonn á ofráil agat mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é nó mar íobairt chomaoineach don Tiarna,

9. ní foláir, chomh maith leis an tarbh, trí dheachú éafá de phlúr mín measctha le leath hín ola a ofráil mar abhlann,

10. agus ní foláir duit leath hín fíona a ofráil mar íobairt dhoirte, íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna.

11. Ní foláir déanamh mar sin le gach tarbh nó reithe, le gach uan nó meannán fireann.

12. Cibé líon íobarthach a bhíonn agaibh le híobairt, déanaigí mar sin le gach ceann díobh cibé a líon.

13. Déantar mar sin ag gach dúchasach nuair a dhéanann sé íobairt dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.

Uimhreacha 15