48. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
49. “Ná háirimh treibh Léiví ámh, agus ná déan daonáireamh orthu i measc phobal Iosrael.
50. Cuir na Léivítigh i mbun taibearnacal na Fianaise chun aire a thabhairt dá ghréithe agus do gach a mbaineann leis. Déanaidís an taibearnacal agus a ghréithe go léir a iompar, agus fónamh dó, agus a gcampa a chur suas ina thimpeall.
51. Nuair a bhíonn an taibearnacal le gluaiseacht, is iad na Léivítigh a chaithfidh é a bhaint óna chéile agus nuair a bhíonn sé le cur suas arís, is iad na Léivítigh a chaithfidh é chur suas. Aon duine eile a thagann ina ghaire, cuirtear chun báis é.
52. Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ina champa féin, agus gach duine faoina bhratach féin.
53. Ach déanadh na Léivítigh a mbothanna a chur suas timpeall taibearnacal na Fianaise, i dtreo nach dtitfidh fraoch na feirge ar chomhthionól uile chlann Iosrael. Bíodh na Léivítigh i bhfeighil thaibearnacal na Fianaise.”
54. Rinne clann Iosrael díreach mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois. Rinneadar rud air.