Tóibít 8:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí deireadh ite agus ólta acu, ba mhian leo dul a chodladh. Rinne an tseanlánúin an buachaill a thionlacan ón seomra bia go dtí an seomra codlata.

2. Chuimhnigh Tóibias ar bhriathra Rafael agus thóg sé ae an éisc agus a chroí as an mála mar a raibh siad aige agus leag sé ar ghríosach na túise iad.

3. Chuir an boladh cosc ar an deamhan agus theith sé go dtí an Éigipt Uachtair. Chuaigh Rafael sa tóir air láithreach agus chuir sé ceangal na gcúig chaol air ann [agus d'fhill sé gan mhoill].

4. Idir an dá linn d'imigh an tseanlánúin as an seomra agus dhún siad an doras ina ndiaidh. D'éirigh Tóibias amach as an leaba ansin agus dúirt sé le Sárá: “Éirigh, a stór! Guímis agus iarraimis ar ár dTiarna trócaire a dhéanamh orainn agus sinn a shlánú.”

Tóibít 8