Is amhlaidh a thug mé mar chéile í do sheachtar fear dár mbráithre féin i ndiaidh a chéile, ach maraíodh gach duine díobh chomh luath agus a chuaigh siad isteach ina seomra an oíche sin. Ach ith agus ól leat anois, a mhic, agus cá bhfios nach dtabharfaidh an Tiarna a ghrásta agus a shíocháin duitse?” Ach dúirt Tóibias: “Ní íosfaidh ná ní olfaidh mé dada feasta nó go ndéanfaidh tú socrú éigin i mo thaobhsa.” “Tá go maith,” arsa Raguéil leis, “ós leatsa í de réir dlí leabhar Mhaois, ordaíonn na flaithis féin í a thabhairt duit. Mar sin de, glac cúram do mhná muinteartha ort féin. Ón uair seo amach is tusa a fear céile agus is ise do bhean chéile; is leatsa í ón lá seo amach agus go deo. Go rathaí Tiarna neimhe sibh anocht, a mhic, agus go dtuga sé grásta agus síocháin daoibh.”