Tóibít 7:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a shroich siad Eacbatana dúirt Tóibias: “A Azairias, a bhráthair liom, beir leat mé láithreach go dtí teach m'fhir ghaoil, Raguéil.” Rug seisean leis é mar sin go dtí teach Raguéil agus tháinig siad air agus é ina shuí ag geata an chlóis. Bheannaigh siad dósan ar dtús agus dúirt seisean leo: “Céad míle fáilte romhaibh, a bhráithre. Is maith liom gur tháinig sibh anseo slán.” Thug sé isteach sa teach iad ansin.

2. “Nach bhfuil an buachaill seo cosúil le m'fhear gaoil, Tóibít?” ar seisean lena bhean chéile, Eadna.

3. D'fhiafraigh Eadna díobh ansin, á rá: “Cér díobh sibh, a bhráithre?” D'fhreagair siad: “De threibh Naftáilí atá ar deoraíocht anois i Nínivé.”

Tóibít 7