1. Nuair a shroich siad Eacbatana dúirt Tóibias: “A Azairias, a bhráthair liom, beir leat mé láithreach go dtí teach m'fhir ghaoil, Raguéil.” Rug seisean leis é mar sin go dtí teach Raguéil agus tháinig siad air agus é ina shuí ag geata an chlóis. Bheannaigh siad dósan ar dtús agus dúirt seisean leo: “Céad míle fáilte romhaibh, a bhráithre. Is maith liom gur tháinig sibh anseo slán.” Thug sé isteach sa teach iad ansin.
2. “Nach bhfuil an buachaill seo cosúil le m'fhear gaoil, Tóibít?” ar seisean lena bhean chéile, Eadna.
3. D'fhiafraigh Eadna díobh ansin, á rá: “Cér díobh sibh, a bhráithre?” D'fhreagair siad: “De threibh Naftáilí atá ar deoraíocht anois i Nínivé.”
4. “An bhfuil aithne agaibh ar ár bhfear gaoil. Tóibít?” ar sise leo. “Tá, go deimhin,” ar siadsan léi. Ansin dúirt sí leo, “An bhfuil sé ar fónamh?”
5. “Tá sé ina bheatha agus ina shláinte go fóill,” d'fhreagair siad. “Is é m'athair féin é!” arsa Tóibias.
6. Léim Raguéil ina sheasamh agus thug sé póg dó agus é ag sileadh deor.
7. Dúirt sé leis ansin: “Bail ó Dhia ort, a bhuachaill, a mhic an dea-athar uasail! Nach trua an scéal é gur chaill fear fíréanta déirciúil mar é radharc a shúl!” Chaith sé é féin ansin ar bhráid Thóibias agus é ag gol go fuíoch
8. agus thosaigh Eadna, a bhean chéile, agus Sárá, a iníon, ag gol chomh maith mar gheall ar Thóibít.
9. Ina dhiaidh sin mharaigh sé reithe as an tréad agus cuireadh fáilte fhíorchaoin rompu. Tar éis dóibh iad féin a ní agus a fholcadh lig siad fúthu ag bord. Ansin dúirt Tóibias le Rafael: “A Azairias, a bhráthair liom, abair le Raguéil Sárá, mo bhean mhuinteartha, a thabhairt dom.”
10. Ach chuala Raguéil an chaint sin agus dúirt sé leis an mbuachaill: “Ith agus ól agus bíodh áthas ort an oíche seo, mar níl aon fhear eile ann seachas tú féin, a bhráthair liom, a bhfuil sé de cheart aige m'iníon a fháil. Mar an gcéanna, i dtaca liomsa de, níl aon údarás agam í a thabhairt d'aon fhear eile ach duitse amháin, mar is agatsa atá an gaol is gaire liom. Mar sin féin, a mhic, caithfidh mé an fhírinne iomlán a insint duit.