4. D'imigh Tóibias amach ar lorg duine éigin a rachadh chun na Méide in éineacht leis agus a raibh eolas na slí aige. Chomh luath agus a tháinig sé amach fuair sé an t‑aingeal Rafael os a chomhair. Ní raibh a fhios aige, áfach, gurbh aingeal Dé é
5. agus dúirt sé leis: “Cér díobh thú, a ógánaigh?” “Iosraelach is ea mé,” ar seisean leis, “duine de do lucht gaoil féin; is amhlaidh a tháinig mé anseo ag lorg oibre.” “An eol duit an tslí chun na Méide?” d'fhiafraigh Tóibias de.
6. “Is eol dom go deimhin,” ar seisean, “bhí mé ann go minic cheana; tá seanaithne agam ar an áit agus is eol dom na bealaí go léir chuige. Is minic a thaistil mé chun na Méide agus chuirinn fúm i dteach ár bhfir ghaoil, Gabael, fear atá ina chónaí i Raigéis na Méide. Tá Raigéis aistear dhá lá iomlána ó Eacbatana (agus tá sé suite sna sléibhte).”
7. Dúirt Tóibias leis ansin: “Fan liom anseo, a ógánaigh, nó go rachaidh mé isteach chun é seo a insint do m'athair; mar tá tú ag teastáil uaim chun dul in éineacht liom agus, dar ndóigh, tabharfaidh mé luach saothair duit.”