2. Cóiríodh an bord dom agus cuireadh a lán mias os mo chomhair. Ansin dúirt mé le mo mhac Tóibias: “Imigh leat, a mhic, agus má fhaigheann tú duine bocht éigin dár mbráithre atá ina gcimí cogaidh anseo i Nínivé atá dílis do Dhia óna chroí go hiomlán, beir leat é agus íosfaidh sé an béile seo i mo chuideachta. Fanfaidh mé leat, a mhic, nó go dtiocfaidh tú ar ais.”
3. D'imigh Tóibias amach, mar sin, ar lorg duine bhoicht éigin dár mbráithre. Ach tháinig sé ar ais arís agus dúirt: “A athair!” “Céard atá ort, a mhic?” arsa mise leis. Dúirt sé liom ansin do mo fhreagairt: “Féach, a athair! Dúnmharaíodh duine dár muintir agus tá a chorp ina luí amuigh ar fhaiche an mhargaidh mar ar tachtadh é tamall beag ó shin.”
4. Léim mé i mo sheasamh láithreach agus d'fhág mé mo dhinnéar gan a bhlaiseadh; d'ardaigh mé an corp liom ó fhaiche an mhargaidh agus chuir mé isteach i seomra é agus é ar intinn agam é a adhlacadh tar éis dul faoi na gréine.
5. Nuair a tháinig mé ar ais, mar sin, nigh mé mé féin agus d'ith mé mo chuid faoi bhrón.