Tóibít 14:5-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. “Ach glacfaidh Dia trua dóibh athuair agus tabharfaidh sé ar ais go dtí talamh Iosrael iad. Atógfaidh siad an Teampall ach ní bheidh sé cosúil leis an gcéad cheann nó go dtaga an t‑am atá ceaptha chuige. Ina dhiaidh sin fillfidh siad go léir abhaile ón deoraíocht agus atógfaidh siad Iarúsailéim le barr breáthachta. Tógfar Teampall Dé inti chomh maith faoi mar a thairngir fáithe Iosrael ina taobh.

6. Iompófar ciníocha uile na cruinne agus tabharfaidh siad fíoradhradh do Dhia. Tréigfidh siad go léir a gcuid íol, a chuir ar seachrán iad go fealltach

7. agus molfaidh siad Dia na síoraíochta de réir a dhlí. Gach duine de chlann Iosrael a bheidh go beo beathach sna laethanta sin cuimhneoidh sé go dílis ar Dhia agus baileofar le chéile iad agus rachaidh siad go Iarúsailéim. Tabharfar talamh Abrahám dóibh agus cónóidh siad ann go slán sábháilte go deo. Beidh áthas ar na daoine a mbeidh fíorghrá acu do Dhia ach leáfaidh lucht déanta an oilc agus na héagóra as an tír ar fad.”

8. “Anois, a chlann liom, ordaím daoibh Dia a riaradh go dílis agus gach ní is taitneamhach leis a dhéanamh agus bhur gclann a oiliúint chun an t‑ionracas a chleachtadh agus déirc a thabhairt agus cuimhne a choinneáil ar Dhia agus fíormholadh a thabhairt gan sos dá ainm naofa óna neart go hiomlán.”

9. “Maidir leatsa, a mhic, imigh as Nínivé agus ná fan anseo.

Tóibít 14