Tóibít 12:12-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Más ea, nuair a bhí tusa agus Sárá ag guí is mise a d'ofráil bhur n‑urnaithe suas mar chuimhneachán i láthair ghlóir an Tiarna agus a léigh iad; agus ba é an scéal céanna é nuair a bhítheá ag adhlacadh na marbh.

13. Ós rud é nár leasc leat éirí agus imeacht ón mbord chun fear marbh a adhlacadh,

14. cuireadh chugat mé chun tú a thástáil agus ag an am céanna chuir Dia uaidh mé chun thú féin agus Sárá, bean chéile do mhic, a leigheas.

15. Is mise Rafael, ceann den seachtar aingeal atá ina lucht freastail ar Dhia na glóire agus a théann isteach ina láthair.”

16. Tháinig uafás ar an mbeirt acu ansin agus thit siad ar a mbéal fúthu le haonchorp eagla

17. ach dúirt Rafael leo: “Ná bíodh eagla oraibh; ní baol daoibh; bígí ag moladh Dé go deo.

18. Nuair a bhí mé in bhur gcuideachta ní de thoradh mo dhea-mhéine féin amháin a bhí mé ann ach toisc gurbh áil le Dia é. Dá bhrí sin bígí ag moladh Dé ó lá go lá agus ag canadh iomann dó.

19. Bíodh a fhios agaibh nár ith mé greim bia in bhur gcuideachta; is amhlaidh a bhí fís á fheiceáil agaibh.

Tóibít 12