5. Idir an dá linn bhí Anna ina suí agus í ag faire an bhóthair a ghabhfadh a mac abhaile.
6. Chonaic sí uaithi é ag teacht agus dúirt sí leis an athair: “Seo chugainn do mhac agus a chomhthaistealaí.”
7. Dúirt Rafael le Tóibias sular tháinig sé fad lena athair: “Tá a fhios agam go n‑osclófar a shúile.
8. Smear a shúile le domlas an éisc; crapfaidh an t‑ungadh seo an screamh bhán agus tosóidh sí ag scamhadh dá shúile. Tiocfaidh a radharc do d'athair arís agus feicfidh sé an solas.”
9. Ansin rith Anna chun tosaigh agus chaith sí í féin ar bhráid a mic agus dúirt sí leis: “Ní miste liom bás a fháil anois, a mhic, mar táim tar éis tú a fheiceáil arís.” Agus rinne sí gol.
10. D'éirigh Tóibít ina sheasamh ansin agus tháinig sé doras an chlóis amach agus é ag tarraingt na gcos ina dhiaidh.
11. Shiúil Tóibias suas chuige agus domlas an éisc ina láimh aige. Shéid sé isteach ina shúile; rug greim air agus dúirt: “Múscail do mhisneach, a athair!”
12. Ansin chuir sé an t‑ungadh air agus chuimil sé isteach é agus ag tosú dó ag cúinní a shúl bhain sé an screamh bhán díobh lena dhá láimh.
13. Chaith a athair é féin ar a bhráid
14. agus rinne sé gol agus dúirt: “Feicim thú, a mhic, a sholas mo shúl!” Lean sé air:“Moladh go deo le Dia!Moladh lena ainm mór!Moladh lena aingil naofa go léir!Go gcumhdaí a ainm mór sinnagus go moltar a chuid aingeal go léirgo brách agus choíche.