15. Nuair a cailleadh Salmanasar tháinig a mhac Sanaichéiríb i gcoróin ina áit; ach d'imigh na bóithre chun na Méide óna smacht agus níorbh fheidir dom dul ann a thuilleadh.
16. In aimsir Shalamansar is iomaí gníomh carthanachta a rinne mé do mo chomhthírigh;
17. roinninn mo chuid aráin ar lucht an ocrais agus thugainn éadach don nocht; dá bhfeicfinn aon duine de mo chine féin a bhí tar éis bás a fháil agus é caite lasmuigh de bhallaí Nínivé d'adhlacfainn é.
18. Thug mé adhlacadh chomh maith d'aon duine a mharaigh Sanaichéiríb; mar is amhlaidh a mharaigh sé a lán de mhuintir Iosrael le teann feirge tar éis dó imeacht ó Iúdáia ina theifeach nuair a chuir rí na bhflaitheas daorbhreith i bhfeidhm air de dheasca a chuid diamhaslaí. Ghoidinnse féin a gcoirp agus d'adhlacainn iad; nuair a chuardaíodh Sanaichéiríb iad ní fhaigheadh sé iad.
19. Chuaigh duine éigin de mhuintir Nínivé, áfach, go dtí an rí agus d'inis sé dó gur mise a bhí á n‑adhlacadh; mar sin de chuaigh mé i bhfolach. Ach nuair a fuair mé amach gurbh eol don rí cad a bhí déanta agam agus go rabhthas ar tí mo mharaithe tháinig eagla orm agus theith mé liom.
20. Ansin gabhadh seilbh ar a raibh agam agus cuireadh isteach sa chiste ríoga é. Níor fágadh agamsa ach mo bhean chéile Anna agus mo mhac Tóibias.
21. Ach laistigh de dhaichead lá dhúnmharaigh beirt dá chlann mhac Sanaichéiríb agus theith siad go dtí sléibhte Ararat. Tháinig a mhac Asaradon i gcoróin ina áit. Cheap seisean Aichícheár, mac mo dhearthár Anael, i gceannas ar chúrsaí airgeadais uile na ríochta agus bhí an riarachán go léir faoina smacht freisin.