Títeas 3:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh;

2. gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n‑iompar ar fad.

3. Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.

4. Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn.

5. Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n‑athnuachan ag an Spiorad Naomh.

6. Dháil sé an Spiorad orainn go fras trí Íosa Críost ár slánaitheoir

Títeas 3