Títeas 3:1-2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh;

2. gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n‑iompar ar fad.

Títeas 3