9. Abair leis na seirbhísigh bheith umhal dá máistrí agus bheith ómósach i ngach ní. Agus in ionad bheith tagrach
10. nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní.
11. Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine.
12. Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta,
13. fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.