Títeas 1:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Mar, ós maor do Dhia an t‑uachtarán ní mór dó bheith gan locht, gan bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,

8. ach é bheith fáilteach, dea-mhéineach, stuama, cóir, diaganta, staidéartha.

9. Ní mór dó cloí go dlúth leis an teagasc fíor mar a múineadh dó féin é, i dtreo go mbeidh ar a chumas daoine eile a spreagadh leis an oideas folláin céanna agus lucht a bhréagnaithe a cheartú.

10. Mar tá a lán daoine ann atá easumhal, go háirithe iad siúd de bhuíon an timpeallghearrtha, agus cuireann siad daoine ar mearbhall lena gcuid baothchainte.

11. Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach.

Títeas 1