3. Ná bí ag aighneas le teanga phras,agus ná leag connadh ar a tine.
4. Ná bí ag déanamh grinn le fear gan mhúineadh,le heagla go ndéanfaí do shinsir a aithisiú.
5. Ná bíodh drochmheas agat ar an té atá ag iompú ón bpeaca;cuimhnigh go bhfuilimid go léir ciontach.
6. Ná tarcaisnigh duine ina sheanaois,mar tá cuid againn féin ag dul san aois.
7. Ná cuireadh bás duine áthas ort;cuimhnigh go bhfuil an bás i ndán dúinn go léir.
8. Ná tabhair neamhaird ar chaint na saoithe,ach bí taitheach ar a seanfhocail;óir gheobhaidh tú teagasc uathuagus foghlaim le freastal ar dhaoine tábhachtacha.
9. Ná bíodh beagmheas agat ar ráite na sean,óir d'fhoghlaim siadsan óna sinsir;gheobhaidh tú críonnacht uathusan,agus eolas ar conas freagra a thabhairt go tráthúil.
10. Ná hadhain gualach an pheacaighle heagla go ndófá thú féin ina lasair.
11. Ná bítear ag spochadh asat i láthair dhuine uallaighchun nach ndéanfadh sé mar a bheadh luíochán ar do bhriathra.
12. Ná tabhair iasacht do dhuine is láidre ná thú,agus má thugann tú iasacht, glac leis go bhfuil tú thíos leis.