Síorach 7:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ná loirg tosaíocht ón Tiarna,ná cathaoir ná honóra ón rí.

5. Ná bí ag maíomh as d'fhíréantacht os comhair an Tiarna,ná as d'eagna i láthair an rí.

6. Ná bí ag iarraidh a bheith i do bhreitheamh,le heagla nach bhféadfá an éagóir a scrios,agus go mbeadh lé agat le duine cumhachtach,agus go gcuirfeá smál ar d'ionracas.

7. Ná déan coir in aghaidh na coitiantachta,agus ná hísligh thú féin i súile an phobail.

8. Ná mealltar chun peaca faoi dhó thú,óir ní thabharfaidh tú na cosa leat ón bpionós ar son aon chinn amháin.

9. Ná habair: “Tabharfaidh [Dia] aird ar líon mo thíolacthaí,agus nuair a dhéanfaidh mé íobairt don Té is Airde, glacfaidh sé liom.”

10. Ná bíodh lagmhisneach ort i mbun d'urnaí,agus ná déan faillí sa déirc.

Síorach 7