4. Scriosann drochmhianach an té ag a bhfuil sé,agus déanann ceap magaidh de ag a naimhde.
5. Dá shéimhe an comhrá is ea is líonmhaire iad na cairde;dá dhea-mhúinte í an teanga is ea is iomadúla iad na dea-bhéasa.
6. Bíodh lucht aitheantais gan áireamh agat,ach ná bíodh ach duine as míle ina chomhairleoir agat.
7. Sula ndéanann tú cairdeas le duine, cuir tástáil air;ná cuir do mhuinín ann go róluath.
8. Tá cara atá ina chara nuair a oireann dó,ach ná seasfaidh le do thaobh in am an ghátair.
9. Tá cara eile ann a thitfeadh amach leatagus a sceithfeadh ar an aighneas, rud a náireodh thú.
10. Tá cara eile fós ann a chaithfeadh béile i do chuideachta,ach nach seasódh le do thaobh ar uair na práinne;
11. Nuair atá ag éirí go maith leat, bíonn sé ar chomhchéim leat féin,agus déanann sé buannaíocht ar do chuid seirbhíseach.
12. Ach má leagtar ar lár thú choíche, iompóidh sé i do choinne,agus rachaidh sé i bhfolach ó do radharc.
13. Fan amach ó do chuid naimhde,agus bí ar d'aire ar do chairde.
14. Dídean dhaingean is ea cara dílis;an té a fhaigheann ceann, is stór atá faighte aige.
15. Níl malairt chuí le fáil ar chara dílis;ní féidir a luach a mheas.
16. Sláníoc na beatha is ea cara dílis;na daoine a bhfuil eagla an Tiarna orthu, gheobhaidh siad ceann.