20. Nach garbh í don mhuintir gan mhúineadh,agus ní fada a fhanann an t‑éaganta ina fochair;
21. Luífidh sí air mar [dhearbhchloch] throm,agus ní dhéanfaidh sé moill ach í a chaítheamh de.
22. Óir tá an eagna de réir a hainm,agus ní léir dá lán í.
23. Éist, a mhic, agus glac le mo bhreith,agus ná diúltaigh do mo chomhairle;
24. Cuir do chosa ina laincisí,agus do mhuineál faoina cuing.
25. Cuir do ghualainn fúithi agus iompair í;agus ná bí ag tarraingt in aghaidh a srianta.
26. Tar chuici le lánchroí,agus cloígh lena cosáin le lán do nirt.
27. Déan í a thóraíocht agus a lorg, agus cuirfidh tú aithne uirthi;agus nuair a gheobhaidh tú greim uirthi, ná lig uait í.
28. Faoi dheireadh gheobhaidh tú suaimhneas inti,agus déanfar í a chlaochlú in aoibhneas duitse.
29. Beidh a laincisí ansin mar dhídean dhaingean agat,agus a ceanrach mar éide ghlórmhar.
30. Libhré óir atá uirthi,agus ribín gorm a srianta.
31. Caithfidh tú í mar a dhéanfá éide ghlórmhar,agus cuirfidh tú ar do cheann í, mar a dhéanfá coróin áthais.
32. Más mian leat é, déanfar thú a theagasc, a mhic,agus má chuireann tú chuige beidh tú ildánach.
33. Más breá leat bheith ag éisteacht, beidh foghlaim ortagus má bhíonn cluas le héisteacht ort, beidh tú eagnaí.
34. Déan freastal ar chomhthionóil na seanóirí;agus cloígh leis an eagnaí cibé é féin.
35. Éist le fonn le haon tuairisc a thagann ó Dhia,agus na scaoil aon seanfhocail ghaoise thar do chluasa.
36. Má fheiceann tú duine tuisceanach, tabhair cuairt air go luath;agus caith a thairseach le rian do choise.
37. Déan do mhachnamh ar orduithe an Tiarna,agus bí de shíor ag déanamh cúraim dá aitheanta;eisean a shoilseoidh do chroí,agus tabharfar duit an eagna lena bhfuil tú ag tnúth.