Síorach 6:12-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ach má leagtar ar lár thú choíche, iompóidh sé i do choinne,agus rachaidh sé i bhfolach ó do radharc.

13. Fan amach ó do chuid naimhde,agus bí ar d'aire ar do chairde.

14. Dídean dhaingean is ea cara dílis;an té a fhaigheann ceann, is stór atá faighte aige.

15. Níl malairt chuí le fáil ar chara dílis;ní féidir a luach a mheas.

16. Sláníoc na beatha is ea cara dílis;na daoine a bhfuil eagla an Tiarna orthu, gheobhaidh siad ceann.

17. An té a bhfuil eagla an Tiarna air, déanann sé cairdeas mar is cóir;óir, mar atá an duine, sin mar a bhíonn a chomharsa chomh maith.

18. A mhíc, ó d'óige ar aghaidh, togh an teagascagus beidh an eagna á haimsiú agat go laethe liatha.

19. Tar chuici mar dhuine a threabhann agus a chuireann síol,agus fan lena fómhar fónta;óir déanfaídh tú saothar ar feadh tamaill ina seirbhís,ach ní fada go n‑íosfaidh tú a torthaí.

20. Nach garbh í don mhuintir gan mhúineadh,agus ní fada a fhanann an t‑éaganta ina fochair;

21. Luífidh sí air mar [dhearbhchloch] throm,agus ní dhéanfaidh sé moill ach í a chaítheamh de.

Síorach 6