3. Dhírigh sé a chroí ar an Tiarna;dhaingnigh sé an chráifeacht i ré na haindiagachta.
4. Seachas Dáiví, Hiziciá agus Ióisiá,rinneadar uile peaca ar pheaca;de bhrí gur thréigeadar dlí an té is Airde,chuaigh ríthe Iúdá ar ceal.
5. Óir thugadar a gcumhacht do dhaoine eile,agus a nglóir do chine deoranta.
6. Dódh an chathair thofa, cathair na naofachta,agus bánaíodh a sráideanna,
7. [De réir] bhriathar Irimia; mar chiapadar eisean,cé gur naomhaíodh ina fháidh é i mbroinn a mhátharle stoitheadh agus ciapadh agus scrios a dhéanamh,ach tógáil agus plandáil chomh maith.
8. Eizicéil a chonaic fís na glóire,faoi mar a nocht [Dia] dhó í os cionn charbad na gceiribíní;
9. Óir chuimhnigh [Dia] ar a naimhde le tuile báistí,agus rinne maith don mhuintir a leanann na bealaí córa.
10. Maidir le cnámha an dáréag fáidh,go dtaga bláth orthu mar a bhfuil siad ina luí;óir thug siad sólás do mhuintir Iacóib,agus d'fhuascail iad le muinín agus dóchas.
11. Conas a mhórfaimid Zarubáibil?Ba gheall le fáinne séala é ar an láimh dheas;
12. Ba é an scéal céanna é ag Iósua mac Iahósádác;thóg siad an Teampall ina laethantaagus chuir siad suas sanctóir don Tiarna,a raibh glóir shíoraí i ndán dó.
13. Is daingean í cuimhne Nihimiá chomh maith;d'ardaigh sé dúinn na ballaí a bhí ar lár:chuir sé suas geataí agus barraí,agus d'atóg fothracha ár dtithe.