9. Chuir sé [cláirseacha] os comhair na haltóra,ionas go mba bhinnide an chantaireacht a gceol.
10. Chuir sé barr slachta ar na féilte,agus taibhse shollúnta ar na ceiliúrthaí tráthrialta uile,sa chaoi go dtugtaí moladh gan stad d'ainm an Tiarna,agus go mbaintí macalla as an sanctóir ó bhreacadh an lae amach.
11. Mhaith an Tiarna a pheacaí dó,agus mhéadaigh sé a chumhacht go deo;rinne sé conradh ríoga leisagus bhronn air ríchathaoir ghlórmhar in Iosrael.
12. Tháinig mac eagnaí i gcomharbacht air,agus mhair sé go flaithiúil dá bharr.
13. Bhí Solamh i réim le linn síochána,agus thug Dia suaimhneas dó ar gach taobh,le go dtógfadh sé teach dá ainm,agus go n‑ullmhódh sé sanctóir le seasamh go deo.
14. Nach críonna a bhí tú i d'óige!ag cur thar maoil le tuiscint dála na habhann.
15. Ghabh d'aigne ó cheann ceann an domhain,agus líon tú é de sholaoidí agus de thomhaiseanna.
16. Shroich d'ainm oileáin san imigéinagus bhí grá duit ar son do shíochána.