5. Óir ghlaoigh sé ar an Tiarna, an té is Airde,agus thug seisean neart dá dheasláimh,chun laoch láidir cogaidh a threascairt,agus chun cumhacht a mhuintire a mhéadú.
6. Thug siadsan an chraobh dóas ucht an deich míle fear [a mharú],agus ag móradh an Tiarna dóibh mhol siad é,nuair a bhronn siad coróin ghlórmhar air.
7. Óir scrios sé na naimhde a bhí thart timpeall air,agus dhíothaigh sé na Filistínigh a sheas ina choinne;agus tá a gcumhachtsan briste aige go dtí an lá inniu fein.
8. I ngach ní díobhsan dá ndearna sé, ghabh sé buíochas,leis an Aon Naofa, an Té is Airde, le briathra molta;chan sé a chuid amhrán óna chroí amachagus thug sé grá don Té a chruthaigh é.
9. Chuir sé [cláirseacha] os comhair na haltóra,ionas go mba bhinnide an chantaireacht a gceol.
10. Chuir sé barr slachta ar na féilte,agus taibhse shollúnta ar na ceiliúrthaí tráthrialta uile,sa chaoi go dtugtaí moladh gan stad d'ainm an Tiarna,agus go mbaintí macalla as an sanctóir ó bhreacadh an lae amach.
11. Mhaith an Tiarna a pheacaí dó,agus mhéadaigh sé a chumhacht go deo;rinne sé conradh ríoga leisagus bhronn air ríchathaoir ghlórmhar in Iosrael.
12. Tháinig mac eagnaí i gcomharbacht air,agus mhair sé go flaithiúil dá bharr.
13. Bhí Solamh i réim le linn síochána,agus thug Dia suaimhneas dó ar gach taobh,le go dtógfadh sé teach dá ainm,agus go n‑ullmhódh sé sanctóir le seasamh go deo.
14. Nach críonna a bhí tú i d'óige!ag cur thar maoil le tuiscint dála na habhann.