10. Le go bhfeicfeadh clann Iosrael uilegur maith é an Tiarna a leanúint.
11. Na breithiúna chomh maith, gach duine díobh, de réir a ghlaoch,nár thit a gcroí in íoladhradh,agus nár thug cúl riamh leis an Tiarna,go raibh beannachtaí ar a gcuimhne!
12. Go raibh bláth as a gcnámha in áit a lonnaithe,agus go raibh ainm na muintire a fuair onóirbeo arís ina gclann mhac.
13. Ba é Samuéil muirnín an Tiarna;ba fháidh leis an Tiarna é agus bhunaigh sé an ríocht,agus d'ungaigh sé rialtóirí ar a phobal.
14. Thug sé breith ar an gcomhthionól de réir dhlí an Tiarna,agus thug an Tiarna aire do Iacób.
15. Aithníodh ina fháidh é de bharr a dhílseachta,agus ba fhios gur físí iontaofa é ar a bhriathra.
16. Ghlaoigh sé ar an Tiarna, an té atá cumhachtach,nuair a bhrúigh a naimhde air ó gach taobh,agus d'ofráil sé uan diúil mar íobairt.
17. Bhúir an Tiarna ó na flaithis,agus thug a ghlór á chloisteáil ina thoirneach thréan.
18. Scrios sé ceannairí na Tuíre,agus rialtóirí uile na bhFilistíneach.
19. Roimh uair a shuaimhnis shíoraíthug [Samúéil] fianaise i láthair an Tiarna agus a ungthaigh:“Níor thóg mé maoin aon duine, fiú péire cuarán,”agus níor chúisigh aon duine é.
20. Fiú tar éis dó dul chun suain, thug sé fáistine arís,agus nocht don rí go raibh an bás chuige;d'ardaigh sé a ghlór ón talamh i dtairngreacht,le hurchóid an phobail a scuabadh chun siúil.