Síorach 45:8-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ghléas sé é le barr maiseagus neartaigh é le comharthaí sóirt an údaráis,briste, fallaing agus éafód.

9. Chuir sé pomagránaití ina thimpeall,agus cloigíní óir go flúirseach thart air,le bualadh le gach coiscéim,i dtreo go gcloisfí a nglór sa Teampall,mar chuimhniú do chlann a mhuintire.

10. Chuir sé air an éide bheannaithe d'ór agus de ghormagus de chorcra agus de shaothar broidnéireachta;agus oracal an bhreithiúnais, an tÚirím agus an Tuimímde chraorag cas, saothar ceardaí:

11. Agus líoga lómhara gearrtha mar shéalaí,i leaba airgid, saothar gabhann ghil,mar chuimhniú, lena scríbhinní greanta,ar threibheanna Iosrael de réir a lín.

12. Agus lann óir ar a chaidhp,agus séala coisricthe greanta uirthi,ornáidíocht thar barr, scoth saothair,maisiúlacht a chuirfeadh gliondar ar an tsúil.

13. Roimh a ré ní raibh riamh a leithéid de mhaise;níor chuir aon duine deoranta uime riamh iadseachas a chlann mhac féin agus a shliocht go brách.

Síorach 45