3. Chuir sé deireadh le hiontais trí bhriathra [Mhaois],agus thug sé onóir dó i láthair ríthe;thug sé aitheanta dó dá phobalagus nocht dó cuid dá ghlóir.
4. Naomhaigh sé é le dílse agus le ceansacht,agus thogh é as an cine daonna uile.
5. Lig sé dó a ghlór a chlosagus sheol amach é faoin dorchacht thiubh;thug sé dó na haitheanta aghaidh ar aghaidh,agus dlí na beatha agus an fheasa,leis an gconradh a theagasc do Iacób,agus a bhreitheanna d'Iosrael.
6. D'ardaigh sé Árón, deartháir Mhaois,fear naofa mar é de threibh Léiví.
7. Rinne sé conradh síoraí leis,agus thug dó sagartacht an phobail,mhaisigh sé é le héidí taibhseacha,agus chuir fallaing ghlórmhar uime:
8. Ghléas sé é le barr maiseagus neartaigh é le comharthaí sóirt an údaráis,briste, fallaing agus éafód.
9. Chuir sé pomagránaití ina thimpeall,agus cloigíní óir go flúirseach thart air,le bualadh le gach coiscéim,i dtreo go gcloisfí a nglór sa Teampall,mar chuimhniú do chlann a mhuintire.
10. Chuir sé air an éide bheannaithe d'ór agus de ghormagus de chorcra agus de shaothar broidnéireachta;agus oracal an bhreithiúnais, an tÚirím agus an Tuimímde chraorag cas, saothar ceardaí:
11. Agus líoga lómhara gearrtha mar shéalaí,i leaba airgid, saothar gabhann ghil,mar chuimhniú, lena scríbhinní greanta,ar threibheanna Iosrael de réir a lín.
12. Agus lann óir ar a chaidhp,agus séala coisricthe greanta uirthi,ornáidíocht thar barr, scoth saothair,maisiúlacht a chuirfeadh gliondar ar an tsúil.
13. Roimh a ré ní raibh riamh a leithéid de mhaise;níor chuir aon duine deoranta uime riamh iadseachas a chlann mhac féin agus a shliocht go brách.
14. Bhí a íobairtí le huileloscadhdhá uair sa lá gan teip.
15. Rinne Maois é a choisreacanagus a ungadh le hola bheannaithe;ba chonradh síoraí aige é,agus ag a shliocht, fad a mhairfidh na flaithis,le seirbhís a dhéanamh don Tiarna agus fónamh mar shagart,agus an pobal a bheannú ina ainm.
16. Roghnaigh sé é thar an uile dhuine beole híobairtí a ofráil don Tiarna,túis agus cumhracht mar chuid chuimhneacháin,le leorghníomh a dhéanamh ar son an phobail.
17. Thug sé a aitheanta ar iontaoibh dó,agus chuir reachtanna an dlí faoina chúram,lena reachtanna a theagasc do Iacób,agus lena dhlí a shoilsiú d'Iosrael