8. D'fhág cuid acu dea-cháil ina ndiaidh,sa chaoi go moltar go haer iad go fóill.
9. Tá daoine eile ann, áfach, nach bhfuil aon chuimhne orthu anois,a chuaigh ar ceal faoi mar nach mbeidís riamh ann;tá siad faoi mar nár rugadh riamh iadagus is é an dála céanna é ag a gclann ina ndiaidh.
10. Ach fir dhiaganta ab ea na fir seo leanas,nach ndearnadh dearmad ar a ndea-oibreacha riamh.
11. Mairfidh a gconách ag a sliocht,agus a n‑oidhreacht [ag sliocht a sleachta].
12. Seasann a sliocht leis na conarthaí,agus, a bhuíochas orthu, cloíonn sliocht a sleachta leo chomh maith.
13. Mairfidh a sliocht go brách,agus ní thiocfaidh meath ar a nglóir.
14. Cuireadh a gcoirp faoi shuan san úir,ach maireann a gcáil ó ghlúin go glúin.
15. Fógróidh na ciníocha a gcuid eagnaíochta,agus déanfaidh an comhthionól iad a mholadh go hard.
16. Bhí gnaoi an Tiarna ar Eineoc agus tógadh in airde é,sampla aithrí do na glúine go léir.
17. Fuarthas Naoi foirfe gan cháim;in uain na feirge rinneadh de an [ceap];trídsean a caomhnaíodh iarmhar ar talamhnuair a tháinig an díle.
18. Rinneadh conarthaí síoraí leis,nach scriosfaí an uile fheoil le díle go brách arís.