1. Molaimis anois fir chailiúla,na sinsir a bhí againn ó aois go haois.
2. [Thug] an Tiarna glóir mhór dóibh;tríothu a d'fhoilsigh sé a mhórgacht riamh anall.
3. Bhí ardfhlaitheas ag cuid acu ar a ríochtaíagus thuill siad clú de bharr a gcumais;bhí comhairleoirí críonna ina measc freisin,a thug oracail fháidhiúla uathu,
4. Agus fir a thug treoir don phobal lena moltaí,de thoradh a dtuisceana ar léann a muintire,agus le briathra ciallmhara a dteagaisc.
5. Bhí cuid acu ina gcumadóirí ceolta binne,agus bhreacaidís laoithe ar phár.
6. Fir shaibhre chumhachtacha ab ea cuid eile fós acu,a chaith a saol go síochánta ina n‑áitribh féin.
7. Thugadh lucht a gcomhaimsire ómós do na fir seo uile,agus ba mhór é a gclú lena ré.