Síorach 43:19-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Caitheann sé an sioc liath ar an talamh dála an ghainimh,agus nuair a reonn sé bíonn bior air mar dhealg.

20. Séideann an ghaoth fhuar aduaidh,agus leathann an sioc ar an uisce;luíonn sé ar gach linn uisce,agus cuireann an t‑uisce uime é mar lúireach.

21. Slugann sé na sléibhte agus loisceann an díthreabh;agus feonn sé na fáis mar a dhéanfadh tine.

22. Is gearr an mhoill ar an gceo gach ní a leigheas,agus nuair a thagann an drúcht cneasaíonn sé deasca an bhrothaill.

23. Le barr gliocais cheansaigh sé an duibheagán,agus phlandaigh oileáin air.

24. Déanann lucht seolta ar muir cur síos ar a gábha,agus líonann a dtuairiscí ár gcluasa le hiontas.

25. Mar tá iontais agus éachtaí inti,gach sórt ainmhí agus míola móra mara.

26. Is dá bharr a bhíonn [gach ní ina cheart],agus trína bhriathar a chothaítear gach ní.

27. Fág go ndéarfaimis a lán, ní bheadh deireadh fós ráite;lena chur i mbeagán focal: “Eisean an t‑iomlán.”

28. Cá bhfaighimid neart lena mholadh?Mar is mó é ná a oibreacha go léir.

29. Is scanrúil é an Tiarna agus is ábhalmhór;agus is éachtach í a chumhacht.

30. Molaigí an Tiarna, agus móraigí é,go barr bhur gcumais, ach sáróidh sé fiú an méid sin;déanaigí bhur ndícheall á mhóradh;ná tagadh tuirse oraibh, mar ní bheidh deireadh agaibh choíche.

31. Cé chonaic é le tuairisc a thabhairt air?Cé ar féidir dó é a ghlóiriú mar is dual?

32. Is iomaí rúndiamhar is mó fós atá i bhfolach,mar ní fhacamar ach beagán dá oibreacha.

33. Mar rinne an Tiarna féin an uile níagus thug sé eagna do na fíréin.

Síorach 43